Treoshuíomh

Scéim Socraíochta an AE: conas a úsáidimid do chuid faisnéise phearsanta

Bainfidh an Oifig Baile úsáid as an bhfaisnéis phearsanta a sholáthraíonn tú chun cinneadh a dhéanamh maidir le d'iarratas a dheonú.

Chomh maith le seiceáil aitheantais, is iad na 3 phríomh-bhealaí a bpróiseálfar do chuid faisnéise pearsanta ná:

  • seiceálacha coiriúlachta agus slándála
  • má sholáthair tú d’Uimhir Árachais Náisiúnta, seiceálacha fíor-ama leis an Roinn Oibre agus Pinsin agus le Coimisinéirí Ioncaim agus Custaim chun fianaise ar do chónaitheacht sa RA a mheas (mar shampla, taifid chánach nó sochair)
  • ag brath ar an gcás, faisnéis a roinnt le heagraíochtaí eile chun fianaise a chuireann tú ar fáil laistigh d’iarratas a fhíorú chun cosaint i gcoinne calaoise agus úsáid doiciméid góchumtha (mar shampla, ag deimhniú le hollscoil go bhfuil an teastas ollscoile a thug tú dúinn fíor)

Tá an comhroinnt sonraí seo deartha chun cuidiú le hiarratasóirí a stádas a fhíorú ar bhealach tapa agus simplí trí shonraí atá faoi sheilbh cheana féin ag ranna eile an rialtais a úsáid.

Chomh maith leis, is féidir leis an Oifig Baile do chuid faisnéise a phróiseáil ag brath ar an gcás chun a chuid feidhmeanna dlíthiúla agus oifigiúla a chomhlíonadh. D’fhéadfadh an méid a leanas a bheith san áireamh chomh maith:

  • má dhéanann tú iarratas ar shaoránacht sa Ríocht Aontaithe amach anseo
  • má fhaighimid fianaise go bhfuil cion suntasach déanta
  • má fhaighimid amach go bhfuil cion inimirce (mar shampla pósadh samhailteach) á dhéanamh
  • cead a thabhairt don Oifig Baile a dualgais cosanta a chomhlíonadh

Tá sé seo leagtha amach níos mine i bhfógra faisnéise phríobháideachta leis An gCóras Teorainneacha, Inimirce agus Saoránachta (CTIS). Leagann fógra faisnéise príobháideachta CTIS amach freisin conas is féidir leat cóip de do chuid faisnéise phearsanta a iarraidh, agus conas is féidir leat gearán a dhéanamh. Ba chóir duit a bheith ar an eolas go bhfuil sé i gceist ag an bhfaisnéis atá leagtha amach sa nóta seo cur le fógra faisnéise príobháideachta CTIS, gan é a ionadú.

Arna chur suas ar 11 March 2019
Nuashonrú deireanach 11 April 2019 + show all updates
  1. Translated information added.

  2. First published.